TEANGA 32 - Out Now!
Is cúis áthais don Fhoireann Eagarthóireachta an 32ú hEagrán den iris TEANGA a chur i láthair. Cuimsíonn an 15 pháipéar a chuirtear i dtoll a chéile san eagrán seo réimse leathan an taighde chomhaimseartha sa Teangeolaíocht Fheidhmeach in Éirinn agus níos faide i gcéin. Cé go bhfuil raidhse topaicí faoi chaibidil san eagrán seo, tháinig ceithre mhórthéama chun cinn: fírinní sóisialta agus dioscúrsa, malairtí agus cleachtais teanga, oideachas trí mheán na Gaeilge, agus comhthéacsanna foghlama teangacha. Leagtar béim ar an teannas idir dhioscúrsaí dlíthiúla, scolártha agus poiblí agus orthu siúd a mbíonn a gcuid féiniúlachta sainnithe agus ceistithe ag na fírinní sóisialta agus dioscúrsa céanna sa trí pháipéar a thagann faoin gcéad téama, fírinní sóisialta agus dioscúrsa. Tagann ceithre pháipéar faoi scáth an dara téama, malairtí agus cleachtais teangacha. Léirítear an chaoi a mbíonn ról ríthábhachtach idirphearsanta agus ídé-eolaíoch ag cinntí teangeolaíochta amhail códmhalartú/ trasteangú agus úsáid sainteangacha ainmnithe. Díríonn an tríú téama ar an oideachas trí mheán na Gaeilge agus áirítear ceithre pháipéar faoin téama seo. Tugtar léargas ar na ceisteanna reatha sa réimse maidir le hoideolaíoch agus le hionchuimsiú sa tumoideachas. Ar deireadh, rangaítear ceithre pháipéar faoin téama deiridh, comhthéacsanna foghlama teangacha, agus cíortar an t-idirghníomhú idir chomhthéacsanna éagsúla agus an ról gníomhach a bhíonn ag foghlaimeoirí sna comhthéacsanna sin. Ar an iomlán, tugann na páipéir seo uile léargas dúinn ar na slite ina múnlaítear teangacha taobh istigh de réimsí pearsanta, institiúideacha agus ídé-eolaocha an tsaoil. Cuirtear i gcuimhne dúinn nach feiniméin aonair iad teangacha, ach ina áit sin, is féidir a mhaoímh gur trí stair a mhúnlaítear teangacha, gur sna seomraí ranga a chuirtear i bhfeidhm iad, agus gur trí thaithí saoil na bhfoghlaimeoirí agus na gcainteoirí a mhaireann siad.
The Editorial Team is honoured to introduce the 32nd issue of TEANGA. The 15 papers brought together here reflect the breadth, depth, and evolving character of contemporary Applied Linguistics research in Ireland and beyond. While the topics of the studies are wide ranging, four thematic clusters emerge: discourses and social realities; variation and language practices; Irish-medium education; and language learning contexts. The three papers which constitute the discourses and social realities cluster foreground tensions between legal, scholarly and public discourses and those whose identities are framed and contested by them. The second theme variation and language practices consists of four papers which reveal how linguistic choices such as code-switching/translanguaging and the use of specific named languages perform crucial interpersonal and ideological work. The third theme turns to Irish-medium education and comprises four papers. Together they reflect ongoing questions regarding pedagogy and inclusion within immersion education. Finally, the last thematic cluster assembles four papers focusing on language learning contexts exploring the interplay of differential contexts and learners’ active engagement in them. Collectively, these studies shed light on how language is shaped within the intimate, the institutional, and the ideological domains reminding us that linguistic phenomena do not exist in isolation: rather, they are embedded in communities, shaped by histories, enacted in classrooms, and lived through the experiences of learners and speakers.
The Editors:
Anne Marie Devlin, Katie Ní Loingsigh, T.J. Ó Ceallaigh and Aisling O’Donnell