Call for Papers - Gairm ar Pháipéir: TEANGA 33

2025-11-24

We invite you to submit original and unpublished papers (up to 6,000 words), project reports (up to 2,000 words) and book reviews for TEANGA, the Journal of the Irish Association for Applied Linguistics Volume 33. 

The peer-reviewed journal TEANGA (the Irish word for 'language') was first published by IRAAL in 1979. Originally devoted exclusively to papers presented at IRAAL seminars and conferences, TEANGA now includes the best of these papers, as well as book reviews, research and project reports, and other significant contributions in applied linguistics. Since 2016, TEANGA has been published as a bilingual, open-access online academic journal, commencing with Volume 24 and is indexed in Scopus. From volume 31 onwards, the editors are Anne Marie Devlin, Aisling O'Donnell, TJ Ó Ceallaigh and Katie Ní Loingsigh.

The deadline for submissions is February 28, 2026. Authors will be notified by June 1, 2026 of the preliminary review outcome. Submissions should be made at journal.iraal.ie, where detailed guidelines for manuscripts and proposals are available. All contributions will be reviewed on a double-blind basis before final review by the editors. Publication of the journal is scheduled for the IRAAL Annual Conference in November 2025.  

Subject material for the annual edition of TEANGA includes, but is not limited to, the following:

  • Applied Linguistics
  • Theoretical Linguistics
  • Pedagogy
  • CALL
  • Corpus Linguistics
  • Computational Linguistics
  • Historical Linguistics
  • Language Documentation
  • Terminology/ Lexicography
  • Morphology
  • Phonetics
  • Pragmatics
  • Psycholinguistics
  • Semantics
  • Sociolinguistics
  • Syntax
  • Language Teacher Training

Submission Timeline

February 28, 2026: Submission of full papers at journal.iraal.ie 

June 2026: Decisions of acceptance or rejection sent to Authors

November 2026: Publication of TEANGA 33

~~~

Tugtar cuireadh daoibh bunpháipéir neamhfhoilsithe (suas le 6,000 focal), tuairiscí ar thionscadail (suas le 2,000 focal) agus léirmheasanna ar leabhair a chur isteach chuig TEANGA, iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí, Eagrán 33.

D’fhoilsigh Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí (IRAAL) an iris phiarmheasta TEANGA don chéad uair i 1979. Ar dtús, bhí sí dírithe ar pháipéir a cuireadh i láthair ag seimineáir agus comhdhálacha IRAAL, ach anois cuirtear san áireamh an chuid is fearr de na páipéir seo mar aon le léirmheasanna ar leabhair, agus tuairiscí ar thaighde, ar thionscadail agus ar imeachtaí tábhachtacha eile na teangeolaíochta feidhmí. Ó 2016 (Eagrán 24) i leith, tá TEANGA á foilsiú mar iris dhátheangach acadúil a bhfuil rochtain oscailte uirthi agus tá sí innéacsaithe i Scopus’. Is iad Anne Marie Devlin, Aisling O'Donnell, TJ Ó Ceallaigh agus Katie Ní Loingsigh na heagarthóirí ó Eagrán 31 ar aghaidh.

Is é 28 Feabhra, 2026 an spriocdháta d’aighneachtaí. Cuirfear toradh an réamhphróisis léirbhreithnithe in iúl d’údair faoi 1 Meitheamh, 2026. Ba chóir aighneachtaí a dhéanamh ag journal.iraal.ie agus tá treoracha mionsonraithe ar fáil ansin. Déanfar piarmheasúnú dall dúbailte ar gach alt sula ndéanann na heagarthóirí an measúnú deireanach ar an saothar. Tá sé i gceist an iris a fhoilsiú aimsir Chomhdháil Náisiúnta IRAAL i mí na Samhna 2026.

Cuirfear fáilte roimh ailt ar na hábhair seo a leanas, ach níltear teoranta dóibh:

  • Teangeolaíocht Fheidhmeach
  • Teangeolaíocht Theoiriciúil
  • Oideolaíocht
  • Foghlaim Ríomhchuidithe Teanga
  • Teangeolaíocht Chorpais
  • Ríomhtheangeolaíocht
  • Teangeolaíocht Stairiúil
  • Doiciméadú Teangacha
  • Foclóireacht/Téarmeolaíocht
  • Deilbhíocht
  • Foghraíocht
  • Pragmataic
  • Síctheangeolaíocht
  • Séimeantaic
  • Comhréir
  • Sochtheangeolaíocht
  • Oiliúint Múinteoirí Teanga

Imlíne d’Aighneachtaí

28 Feabhra 2026: Ailt iomlána a leagan isteach ag journal.iraal.ie

Meitheamh 2026: Cinntí faoi ghlacadh nó faoi dhiúltú le seoladh chuig údair

Samhain 2026: Foilsiú TEANGA 33