TEANGA Journal listed in Scopus - Iris TEANGA liostáilte i Scopus

2020-09-03

Scopus is the world’s largest abstract and citation database of peer-reviewed literature, and this inclusion recognises TEANGA’s importance as a bilingual, open-access journal dedicated to outstanding applied linguistics research in Ireland and beyond. 

This development also marks an important step forward for the journal as it ensures that articles published in TEANGA are easily found and enables TEANGA authors to keep track of how often their articles have been cited by others. It also allows Irish-language scholarship its rightful place alongside the dominant languages of publishing. 

The current editors are Úna Bhreathnach, Colin Flynn and Stephen Lucek.

 

Is é Scopus an bunachar achoimrí agus tagairtí is mó ar domhan don litríocht phiarmheasta. Agus í curtha san áireamh, aithnítear an tábhacht atá le TEANGA mar iris dhátheangach a bhfuil rochtain oscailte uirthi, agus mar iris atá tiomanta don sárthaighde ar an teangeolaíocht fheidhmeach in Éirinn agus thar lear. 

Is céim mhór chun cinn é an t-atheantas seo don iris: cinntíonn sé gur furasta teacht ar altanna TEANGA agus gur féidir leis na húdair súil a choinneáil ar cé chomh minic is a dhéantar tagairt dá saothar. Lena chois sin, tugann sé a cheart don taighde scolártha sa Ghaeilge i measc mórtheangacha na foilsitheoireachta. 

Is iad Úna Bhreathnach, Colin Flynn agus Stephen Lucek na heagarthóirí reatha.