Review of 'Language, Policy and Territory: A Festschrift for Colin H. Williams' - 2022: Palgrave Macmillan
Wilson McLeod, Robert Dunbar, Kathryn Jones & John Walsh (Eag.)
Keywords:
Book ReviewAbstract
Mar a mhíníonn na heagarthóirí sa réamhrá leis an leabhar seo, is é an aidhm atá leis ná a cheart a dhéanamh agus ómós a thabhairt do Colin H. Williams, scoláire ríthábhachtach a mbaineann a shaothar le comhthéacsanna, tréimhsí agus disciplíní éagsúla. Tá trí théama curtha ag na heagarthóirí i dteideal an leabhair, ar croílár an tsaothair iad, agus tá na téamaí seo le haithint i ngach ceann de na hocht n-aiste dhéag atá ann. Tá na haistí roinnte ina gceithre chuid, ina ndírítear ar theoiric an bheartais teanga, an beartas teanga sa Bhreatain Bheag, an beartas teanga i gCeanada agus an beartas teanga in Éirinn, in Albain agus sa Chatalóin. Tá taithí ag Williams ar an mbeartas mionteanga sna háiteanna seo go léir agus is é an taithí seo atá mar bhonn faoi na haistí sa leabhar. Ní achoimre ar shaothar Williams atá sa leabhar seo. Ina ionad sin, tá a shaothar mar thúsphointe atá tar éis tuilleadh machnaimh a spreagadh i ngach údar ar a chomhthéacs féin. Mar sin, is deas an rud é go bhfuil iarfhocal le léamh ag deireadh an leabhair le Williams féin. Taispeántar tríd an leabhar go bhfuil na húdair go léir ag foghlaim agus ag forbairt a gcuid scoláireachta agus iad ag comhoibriú agus i gcomhairle lena chéile. Tugann an leabhar an t-eolas ar na coincheapa agus na comhthéacsanna atá de dhíth ar neacha léinn agus ar lucht déanta beartas le páirt a ghlacadh sa chomhrá leanúnach agus tábhachtach seo.
Downloads
Published
How to Cite
Issue
Section
License
Copyright (c) 2023 TEANGA, the Journal of the Irish Association for Applied Linguistics
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International License.