Editorship of TEANGA - Ról Eagarthóra ar TEANGA

2020-04-14

The Irish Association for Applied Linguistics (IRAAL) invites applications for the editorship of TEANGA, The Journal of the Irish Association for Applied Linguistics, for a period of three years from October 2020.  

TEANGA is a double-blind, peer-reviewed academic journal which publishes papers on topics related to all aspects of applied linguistics. TEANGA was first published by IRAAL in 1979. Papers, of up to 6,000 words, are written in Irish or English. Originally devoted exclusively to papers presented at IRAAL seminars and conferences, TEANGA now includes a general selection of papers submitted in response to calls, as well as book reviews and other contributions in applied linguistics. Many issues of TEANGA are focused on a particular theme, although coverage of a range of issues is also maintained. TEANGA has been an open-access journal since 2017 at https://journal.iraal.ie. The current editors of the journal are Stephen Lucek, Colin Flynn and Úna Bhreathnach. 

Expressions of interest are invited from individuals or editorial teams. Please consider the duties and selection criteria below before making contact. The current editors will work with the incoming editor(s) during a transition period. This is a voluntary role without remuneration, but one which will provide the editor(s) with the opportunity to make a strong academic contribution to the discipline of applied linguistics and to an international audience of scholars.  

Please forward expressions of interest by email to the IRAAL Honorary Secretary, Dr Iker Erdocia (info.iraal@gmail.com) by 31 May 2020. For further information about this role, please contact the editors (teanga.journal@gmail.com).    

Duties of Editor(s) include: 

  • Publishing an annual call for papers
  • Managing the submission process of papers in both English and Irish and appointing/working with additional expert reviewers where necessary 
  • Screening submissions; appointing suitable reviewers; working with authors as they revise; editing; proofreading; and corresponding with authors and reviewers
  • Establishing deadlines for reviews and revisions, assessing revisions or resubmitting to reviewers as appropriate 
  • Appointing and working with guest editors for special issues 
  • Appointing and working with publishers, authors and reviewers for book reviews 
  • Journal and website management; management of Crossref, DOAJ indexing, archiving, etc. 
  • Publishing one issue per year 
  • Promoting TEANGA through indexing, publicity and outreach to the international community
  • Attending IRAAL national executive committee meetings, reporting regularly to the IRAAL national executive committee through the Chair, and reporting to the IRAAL membership at its AGM. 
  • Any other duties as agreed by the IRAAL national executive committee 

Selection Criteria: 

  • Prior experience as a peer-reviewed scholar, researcher and editor/guest editor of academic works, with a sound understanding of applied linguistics 
  • Ability to work in both English and Irish
  • Capacity to work autonomously and proactively in order to advance the journal’s interests
  • Capacity to set and maintain review and publication timelines and schedules 
  • Capacity to report clearly and regularly to the IRAAL national executive committee and to communicate with the IRAAL membership and community of researchers 
  • Experience in communicating with authors and reviewers 
  • Capacity to manage the technical aspects of journal publication 
  • It will be preferable for editors to have institutional backing to assume this role, e.g. that the editorship to be recognized as an academic output in their home institution(s)

 

Cuireann  Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn (IRAAL) fáilte roimh iarratais do ról an eagarthóra ar TEANGA, Iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn, do thréimhse trí bliana ó Dheireadh Fómhair 2020.

Is iris acadúil í TEANGA ina bhfoilsítear ailt phiarmheasta (go dall dúbailte) ar ábhair a bhaineann le gach gné den teangeolaíocht fheidhmeach. D’fhoilsigh IRAAL TEANGA don chéad uair i 1979. I mBéarla is i nGaeilge a bhíonn na hailt, atá suas le 6,000 focal ar fhad. Cé gur dhírigh an iris ar pháipéir ó chomhdhálacha agus sheimineáir IRAAL amháin ar dtús, cuitear raon alt a éiríonn as gairm ar pháipéir san áireamh anois, chomh maith le léirmheasanna leabhar agus ábhair eile i réimse na teangeolaíochta feidhmí. Díríonn TEANGA ar cheist/théama faoi leith go minic, ach clúdaíonn sé raon ceisteanna áitiúla agus idirnáisiúnta freisin. Iris oscailte í TEANGA ó 2017 i leith ag  https://journal.iraal.ie. Is iad Stephen Lucek, Colin Flynn agus Úna Bhreathnach na heagarthóirí reatha.

Cuirtear fáilte roimh léiriúcháin spéise ó eagarthóirí aonair nó ó fhoirne eagarthóireachta. Moltar dóibh siúd ar spéis leo an ról na dualgais agus na critéir thíos a mheas suna ndéanfar teagmháil linn. Oibreoidh na heagarthóirí reatha leis na heagarthóirí nua san idirthréimhse. Ról deonach gan phá atá anseo, ach tugannn sé deis don eagarthóir/do na heagarthóirí cur go láidir le disciplín na teangeolaíochta feidhmí agus dul i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta scolártha idirnáisiúnta. 

Cuirtear léiriúcháin spéise tríd an ríomhphost chuig Rúnaí Oinigh IRAAL, Dr Iker Erdocia (info.iraal@gmail.com) faoi 31 Bealtaine 2020. Is féidir breis eolais faoin ról a fháil ó na heagarthóirí reatha (teanga.journal@gmail.com).    

 Cuimsíonn dulagais an eagarthóra:

  • Gairm ar pháipéir a fhoilsiú go bliantúil
  • An próiséas aighneachta a bhainistiú i mBéarla agus/nó i nGaeilgeagus sainléirmheastóirí breise a cheapadh is a bhainistiú de réir mar is gá
  • Aighneachtaí a mheas; léirmheastóirí a cheapadh; oibriú le húdair agus iad i mbun leasuithe; eagarthóireacht; profléitheoireacht; comhfhreagras le húdair agus le léirmheastóirí
  • Spriocdhátaí a leagan síos do léirmheasanna agus do cheartúcháin, ceartúchain a mheas agus iad a chur ar ais le meas de réir mar is gá
  • Aoieagarthóirí d’eagráin speisialta a cheapadh agus bheith ag obair leo
  • Foilsitheoirí, údair agus léirmheastóirí do léirmheasanna leabhar a roghnú agus bheith ag obair leo
  • Bainistiú irise agus suímh idirlín; bainistiú Crossref, innéasú DOAJ, aircíviú, etc
  • Eagrán amháin a fhoilsiú sa bhliain
  • TEANGA a chur chun cinn trí innéacsú, poiblíocht agus teagmháil leis an bpobal idirnáisiúnta
  • Freastal ar chruinnithe choiste feidhmiúcháin náisiúnta IRAAL, tuairisciú rialta a chur ar fáil don choiste feidhmiúcháin náisiúnta tríd an gCathaoirleach, agus tuairisciú a chur ar fáil do bhaill IRAAL ag an gCGB.
  • Aon dualgais eile de réir mar a aontófar iad le coiste feidhmiúcháin náisiúnta IRAAL

Critéir ceapacháin:

  • Taithí mar scoláire piarmheasta, mar thaighdeoir agus mar eagarthóir/aoieagarthóir ar fhoilsiúcháin acadúla, le tuiscint mhaith ar an teangeolaíocht fheidhmeach
  • Cumas oibriú i mBéarla agus i nGaeilge
  • Cumas oibriú go neamhspleách agus go réamhghníomhach le spriocanna na hirise a chur chun cinn
  • Bheith in ann spriocdhátaí do léirmheasanna agus foilsiúcháin a leagan síos agus a choinneáil
  • Bheith in ann tuairisciú go soiléir agus go rialta chuig coiste feidhmiúcháin náisiúnta IRAAL agus chuig baill agus pobal taighdeoirí IRAAL
  • Taithí ar chumarsáid a dhéanamh le húdair agus le léirmheastóirí
  • Cumas plé le gnéithe teicniúla d’fhoilsiú na hirise
  • Tá sé inmhianaithe tacaíocht institiúideach a bheith ag na heagarthóirí agus iad ag tabhairt faoin ról seo, msh. go n-aithneofaí an obair eagarthóireachta mar aschur acadúil ina n-institiúid(í)